Conas a cruthaíodh Albain!
Ag tús an ama bhí Dia ag plé chruthú an domhain leis an Aingeal Gabriel. Agus é ina shuí ina ríchathaoir órga, d’inis sé dó faoina phleananna don Albain.
“A Ghabriel,” arsa Dia, “táim chun sléibhte arda agus gleannta áille lonracha le fraoch corcra a thabhairt d’Albain. Beidh fianna rua ag fánaíocht na tuaithe, beidh iolair órga ag ciorcalú sna spéartha, léimfidh bradáin sna haibhneacha agus sna lochanna criostail soiléire, agus beidh na farraigí máguaird lán d’iasc. Beidh borradh faoin talmhaíocht agus beidh teacht le chéile glórmhar uisce le heorna ar a dtabharfar fuisce. Gual, ola agus gás – beidh siad uile ann. Beidh na hAlbannaigh cliste, nuálach, tionsclaíoch agus…”
“Fan nóiméad!” a dúirt Gabriel. “Nach bhfuil tú beagáinín ró-fhial leis na hAlbanaigh seo?”
Ach d’fhreagair an tUilechumhachtach, “Ní hea, i ndáiríre. Níor inis mé duit fós cé hiad a gcomharsana!”